Rannpháirtíocht an Phobail
Is cuid thábhachtach é rannpháirtíocht fhoirmiúil an phobail d’fhorbairt an tionscadail, agus molaimid duit a bheith páirteach. Táimid ag obair le pobail áitiúla agus le páirtithe leasmhara chun aiseolas a bhailiú, rud a chabhróidh linn pleananna agus dearaí deiridh an tionscadail a bheachtú.
Is céim bhunriachtanach í seo chun a áirithiú go gcomhlíonann an tioscadal a gcuid ceanglas comhshaoil agus dlí agus a gcuid ceanglas sóisialta. Agus muid ag dul ar aghaidh sa chéim seo chuig na céimeanna deartha mhionsonraithe, tógála agus coimisiúnaithe, déanfaimid cumarsáid oscailte leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara agus cloífimid leis na treoirlínte is gá chun a áirithiú go mbeidh rath ar an tionscadal.
Cosnaíonn Coinbhinsiún Aarhus ceart gach duine chun maireachtáil i dtimpeallacht shláintiúil agus ráthaíonn sé trí phríomhcheart don phobal maidir le saincheisteanna comhshaoil:
Rochtain ar fhaisnéis – an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh na n-údarás poiblí.
Rannpháirtíocht an phobail – an ceart chun bheith rannpháirteach i ndéanamh cinntí maidir leis an gcomhshaol.
Rochtain ar an gceartas – an ceart chun rochtain a fháil ar an gceartas.
Tagraíonn Rannpháirtíocht an Phobail do na sásraí éagsúla a thugann deiseanna don phobal teacht ar an eolas agus chun tuairimí a chur in iúl.
Cuireadh tús le clár cuimsitheach imeachtaí rannpháirtíochta poiblí i bhFómhar 2024 agus leanfar leis in 2025/2026. Féach an tEolas Is Déanaí Faoin Tionscadal.
Mar chuid dár gcur chuige, cuirimid fáilte roimh aiseolas ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara.
Plean Rannpháirtíochta Pobail (PRP)












