Na Buntáistí
Nuair a thógfar é, tabharfaidh Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann go leor buntáistí do Thiobraid Árann, d’Éirinn agus don Aontas Eorpach.
>
Cabhróidh sé le fuinneamh iontaofa a chur ar fail trí fhuinneamh in-athnuaite a stóráil agus a chothromú le go mbeidh soláthar seasta leictreachais ar fáil.
Laghdóidh sé costais trí fhuinneamh saor a stóráil nuair atá sé ar fáil, agus é a úsáid le linn buaic-amanna chun billí a laghdú.
Cabhróidh sé leis an gcomhshaol trí úsáid a bhaint as níos mó fuinnimh in-athnuaite, dramhaíl a laghdú, agus truailliú a laghdú
Bainfidh sé úsáid níos fearr as fuinneamh in-athnuaite in áit a bheith ag brath ar bhreoslaí allmhairithe.
Cruthóidh sé poist, cuirfidh sé borradh faoi gheilleagair áitiúla agus feabhas ar thaitneamhachtaí pobail, agus cruthóidh sé deiseanna nua.
Ag cabhrú le foinsí fuinnimh a éagsúlú
Is cuid d’fhorbairt margaidh fuinnimh comhtháite don Eoraip é Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann. Cuirfidh an margadh lán-chomhtháite seo ar chumas an Aontais:
Fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chur ar fáil do gach saoránach
Úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn ar mhaithe le todhchaí ísealcharbóin.
Éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú chun leas tomhaltóirí in Éirinn agus san Eoraip araon
Todhchaí ísealcharbóin a chur chun cinn
